Deimhniúchán agus Faomhadh

mSemiconDe ghnáth, ní ceadaítear earraí nach gcomhlíonann riachtanais áirithe réamhshocraithe a chur ar an margadh go poiblí. Is ionann “riachtanais” sa chiall seo agus cnuasach rialúchán, caighdeán, agus a leithéid, iad go minic bunaithe ar Threoracha ón gCoimisiún Eorpach, agus mar aidhm acu bunrialacha i réimse na slándála, caomhnú na timpeallachta, agus i gcleachtas tionsclaíoch agus a leithéid, a leagadh síos. Is minic na litreacha “EN” nó “ISO” ós a gcomhair. Dá thábhachtaí an táirge, is géire a bhíonn na rialacha, agus is déine a bhíonn na srianta ar dhearadh, forbairt agus déantúsaíocht an ruda.

Is gnáthach táirgí mSemicon á ndearadh le caighdeáin ar nós EN60335 agus EN60601, mar aon le caighdeáin speisialta ISO, nó pé caighdeán eile a bhíonn oiriúnach sa chás.