Timpeallacht

mSemiconIs mór ag an mSemicon caomhnú na timpeallachta. Ní hamháin go bhfuil ár dtiomántáin mótar tábhachtach sa réimse sin, a bhuíochas lena n-éifeachtacht cumhachta, ach tá méid áirithe táirgí leictreonacha eile forbartha ag an gcuideachta le monatóireacht a dhéanamh ar atá ag tarlú sa domhain thart orainn.

Monatóireacht

Ní féidir monatóireacht chruinn a dhéanamh ar an dtimpeallacht gan fáil ar bhraiteoirí saora den scoth. Cibé teocht, brú, taise, fuaim, cumhacht, nó pé paraiméadair eile atá á dtomhas, is tábhachtaí go mór an cumas leas éifeachtach a bhaint as atá ar fáil ó thoabh na mbraiteor de, mar aon le cumas an t-eolas a bhailítear a phróiseasáil go cruinn, chun córas muiníneach le monatóireacht a dhéanamh ar an dtimpeallacht a dhearadh. Tá mSemicon gníomhach sa réimse seo, agus roinnt dearthaí curtha i gcrích cheana féin, nó ar an mbealach.

Teicneolaíocht Ghlas – An Ghaoth agus an Ghrian

mSemicon gnóthach i dtaighde bainteach le fuinneamh agus cumhacht a bhaint as foinsí inathnuaite ar nós na gaoithe agus na gréine. Ach go háirithe tá an chuideachta ag díriú ar fhéidearthachtaí atá ar leibhéal na cumhachta a úsáidtear i dtithe, murab ionann agus an córas leictreach poiblí.

Tá teicneolaíocht ghluaisne na cuideachta, mar aon leis an gcumas ginearálta i leictreonaic chumhachta, thar a bheith bailí sa tóraíocht áirithe seo.