Teicneolaíochtaí

Soilsiú

Bhí an t-am ann nuair nach raibh ann ach an bholgóid shimplí solais. Ansin tháinig an dlúthsholas fluairiseach ar an saol, ina raibh gá le stiúir leictreonach. Ach anois, tá teicneolaíocht na LED (light emitting diode, nó dé-óid astaithe solais) tar éis teacht chomh mór sin chun cinn, go bhfuiltear á húsáid anois ar mhaithe le soilsiú a chur ar fáil murab ionann agus comharthaíocht mar a fheictí ar chloig tráth, mar shampla. Is mór an dul chun cinn é seo. Ach, chun go mbainfí an buntáiste is mó astu, ní mór iad a stiúrú le cumhachtleictreonaic. Is ansin amháin is féidir an éifeachtacht chumhachta is airde a bhaint amach, agus rialú gile na LED a chur i bhfeidhm i gceart.

Tá mSemicon tar éis méid áirithe stiúracha leictreonacha bunaithe ar theicneolaíocht LED a fhorbairt, ina measc cinn a úsáideann méid mhór LED chun gile ar chomhleibhéal le gnáthbholgáin ghealbhruthacha roinnt céadta watt a chur ar fáil. Freisin, tá stiúracha LED forbartha ag an gcuideachta, arís bunaithe ar LEDanna, mar chóras solais rabhaidh ar fheithiclí éigeandála.

Grianghraf le Patrick Brinksma ar Unsplash