Leictreonaic Chumhachta

Ba iad tiomántáin do mhótair leictreacha (inverter drives) na chéad táirgí ag mSemicon. Is táirgí iad seo a oibríonn ar voltas an líonra phoiblí.

Mar sin, tá taithí ón tús ag an gcuideachta a bheith ag déileáil leis na constaicí a bhíonn forleathan sa réimse sin, sábháilteacht ach go háirithe. Dúshlán eile is ea ceist na Comhoiriúnachta Leictreamhaighnéadaigh (.i. EMC). Ní bhaineann na rialacha céanna le forbairt na leictreonaice sa réimse seo agus a bhaineann le leictreonaic an ísealvoltais. Tá siad éagsúil go maith.

mSemicon


Ó shin i leith, tá mSemicon tar éis a bheith iontach gafa le forbairt soláthairtí chumhachta, tiomántáin innill eile, bolgóidí solais, iad uilig ag feidhmiú ar 230V (nó 115V). Má tá feidhm agatsa lena leithéid, cuir scairt orainn.