Aischóimeáil

Is é atá in “Aischóimeáil”, téarma nua atá ceaptha againne don téarma nua Béarla “Reshoring”, ná an próiseas ina dtógtar déantús táirgí atá á ndéanamh faoi láthair in áiteanna ar nós na Síne do mhargaí na hEorpa ar ais chun na hEorpa. Le tamall de bhlianta anois, tá nós forleathan ann ar fud na hEorpa déantúsaíocht a dhéanamh sa tSín ar chúinsí eacnamaíocha - “é níos saoire”. Ach, tá claonadh nua ann anois, atá le braith go láidir sna Stáit Aontaithe chomh maith, gan é sin a dhéanamh, agus an déantúsaíocht, nó an chóimeáil mar is cirte a rá uaireanta, a dhéanamh sa bhaile. Ní hamháin sin, ach tá an claonadh ann freisin anois déantúsaíocht áirithe a bhreith ar ais, fiú má bhí sé cheana féin sa tSín. Sin é an rud ar a nglaoimidne aischóimeáil air.

Braitheann sé ar an earnáil ar ndóigh, ach is minic gur féidir cás láidir a dhéanamh an aischóimeáil seo a dhéanamh.

Deiseanna Nua - Cuir Feabhas Air!

Déanann mSemicon scrúdú ar dheiseanna aischóimeála de réir mar a thagann siad inár dtreo, agus is féidir linn treoir a thabhairt maidir leis an bhféidearthacht a ghabhann leis. Ós a chionn sin, is féidir linn súil ghéar a chaitheamh ar an dtogra agus moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a dhéanamh ar an dtáirge. Mar sin, is deis atá san aischóimeáil feabhas a chur ar an táirge.

Má tá táirge agatsa atá á dhéanamh áit éigin i gcéin, agus go bhfuil sé in am súil úr a chaitheamh air, cén fáth nach ndéanann tú teagmháil linn faoi?