Eolas Fúinn

Múnla Tráchtála

Forbraíonn mSemicon táirgí ina bhfuil sé i gceist go gcuirfeadh mSemicon na táirgí chéanna ar fáil don chliant a luaithe agus a bhíonn an fhorbairt thart. Ní comhlacht deartha muid per se, cé go bhfuil obair dheartha mar chuid lárnach den obair a bhíonn ar siúl againn: is soláthraí muid.

Is mar sin a fheidhmíonn mórchuid comhlachtaí tionsclaíocha an domhain: braitheann siad ar a soláthraithe chun fadhbanna a réiteach dóibh, a bheith nuálaíoch, agus chun freagracht a ghlacadh ar chodanna áirithe tábhachtacha dá gcuid táirgí féin.

Maoin Intleachtúil

De ghnáth bíonn an táirge a theastaíonn ón gcliaint bunaithe ar smaoineamh nó ar tháirge eile dílsithe. Is leis an gcliant an mhaoin a ghabhann leis sin, agus ní athraíonn rud ar bith a tharlaíonn le mSemicon é sin.

Ar an dul céanna, cuireann mSemicon leis an maoin sin trí smaointe agus féidearthachtaí nua a shní isteach sa táirge, agus mar thoradh air sin bíonn úinéireacht áirithe ag mSemicon i dtoradh na hoibre. Is mar sin is gá dó a bheith, mar gan socrú dá leithéid, ní bheadh aon bharántas ag an gcuideachta gur í amháin a sholáthróidh an táirge áirithe sin, agus gan socrú mar sin, ní chuirfí nuálaíocht chun cinn agus ní bheadh an dreasacht chéanna ann an togra a chríochnú go tapa agus le toradh iomaíoch.

Costais

Gearrann mSemicon táille socraithe i leith na hoibre a dhéanaimid chun táirge nua a fhorbairt. Ní ghearraimid in aghaidh na huaire, na seachtaine, nó a leithéid sin, agus do hiondúil íoctar an tsuim ina chodanna go rialta, ón ordú go dtí an críoch.

De ghnáth freisin, bíonn an tsuim a bhíonn i gceist níos lú ná mar a chosnaíonn an togra i ndáiríre, mar cuirimid an soláthar a bhíonn i gceist san áireamh freisin san uimhríocht. Mar sin féin, is féidir leis an suim seo a bheadh suntasach go maith, agus nuair a tharlaíonn sé sin bíonn gá le plé níos doimhne faoin ábhar.