Eolas Fúinn

Nuacht

23/09/07: Tiontaire USB/RS485 aonraithe go 1kV nua fógartha ag mSemicon

02/11/07: Córas tiomántan nua in oiriúint do mhicléinn, mar aon le clár stiúrtha saincheaptha Windows, fógartha ag mSemicon.

15/03/08: Láithreán idirlín nua mSemicon beo ar líne.

01/04/08: Mar thoradh ar fhás leanúnach na cuideachta, bogann mSemicon go háras nua.

11/11/08: Roghnaítear mSemicon mar chonraitheoir tábhachtach i gcuid de chlár taighde maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI).

04/05/09: Roghnaítear mSemicon arís mar sholáthraí earraí leictreonacha do chuideachta i réimse an leighis.

12/09/09: Molann mSemicon réiteach líonra cliste led.

15/02/10: Roghnaítear mSemicon chun trí tháirge nua leictreonacha do réimse an leighis a fhorbairt.

04/06/10: Forbraíonn mSemicon bolgóidí solais, bunaithe ar theicneolaíocht na LED.

20/08/10: Feasta ní forbairt leictreonach amháin a dhéanfaidh mSemicon. Beidh innealtóireacht mheicniúil ar an liosta freisin.

15/12/10: Fógraíonn mSemicon bolgóid d’úsáid sheachtrach 72 Lumen/Watt don mhargadh iarfheistithe.

22/02/11: Tosaíonn mSemicon forbairt ar thogra mór i réimse HVAC.

01/06/11: Forbraíonn mSemicon app agus táirge bunaithe ar chumhacht chadhnra do mhargadh na dtomhaltóirí.

13/09/11: Forbraíonn mSemicon táirge bogearra a dhéanann stiúir ar tháirgí soilsithe do dhéantúsóir idirnáisiúnta.

20/01/12: Ullmhaíonn mSemicon croílár thiomántáin nua do mhargadh na solas EL. Ardmhinicíocht agus ardvoltas.

15/05/12: Leanann mSemicon air ag cuir leis an líon coincheapa i réimse táirgí leighis.

12/09/12: Críochnaíonn mSemicon forbairt ar tháirge fuaime do mhargadh cúraim.

25/10/12: Ullmhaíonn mSemicon uirlisiú meicniúil do tháirge in imeacht cúig sheachtain, murab ionann agus 12 mar is gnách. Réidh don déantúsaíocht!

01/11/12: Críochnaíonn mSemicon dearadh nua agus tosaíonn ar tháirgí a chur ar fáil do mhargadh domhanda na gcapall.

13/01/13: Tús gnóthach le 2013. Bunthaighde ar bhealaí le fuinneamh gaoithe a úsáid ina iomláine.

22/02/13: Forbraíonn mSemicon dhá ghaireas mheicniúil do ghléasra do chapaill.

13/05/13: Ceannródaíocht léirithe ag mSemicon i dtáirge bainteach le aerleapacha do dhaoine an-bhreoite.

02/09/13: Forbraíonn mSemicon braiteoir speisialta spáis do ollscoil Éireannach.

01/10/13: Tá mSemicon ar an gcéad chomhlacht a fhorbraíonn bord ar mhinicíocht raidió le comhpháirt ar leith ann.

13/10/13: Forbraíonn mSemicon comhéadan an-dlúth do tháirge seanbhunaithe.

16/01/14: Tosaíonn mSemicon ar fhorbairt nua baintear le cúrsaí gaothrán, agus bogadh aeir.

02/03/14: Tosaíonn mSemicon ar anailís um dhéantúsaíocht tháirge a bhreith ar ais go hÉirinn, ón tSín. Toradh na hanailíse ná go gtógtar an táirge ar ais.

05/05/14: Síníonn mSemicon conradh um fhorbairt tháirge tomhaltóra ina bhfuil scáileán tadhaill iomlán daite.

07/07/14: Forbraíonn mSemicon táirge IoT eile.

17/10/14: Tosaíonn déantúsaíocht an táirge a bogadh ar ais go hÉirinn, do chliant Éireannach. Athdhúichiú a ghlaoitear air seo.

20/10/14: Cliant nua Geamránach ag mSemicon.

07/01/15: Cuireann mSemicon trí tháirge nua leis an liosta IoT.

18/02/15: Cuireann mSemicon teachtaire leictreonach as an margadh. Braiteoirí PIR agus gluaiseachta, mar aon le solas LED.