Teicneolaíochtaí

Teicneolaíocht na mórleabhar dáilte

Tá aithne fhorleathan le tamall anuas, in earnáil an airgeadais, ar an mBlocshlabhra (Blockchain), ceann de theicneolaíochataí na Mórleabhar Dáilte (Distributed Ledger). Tá mSemicon ag baint leas as an dteicneolaíocht seo le blianta beaga anuas chun cumarsáid ar Idirlíon na n-Earraí (IoT) mar aon le cumarsáid idir ghléasanna éagsúla (M2M) a chosaint. Ina theannta sin, tá an comhlacht tar éis leas a bhaint as an mblocshlabhra chun conarthaí cliste a chruthú idir roinnt dá cuid táirgí mar aon le bainistiú na seirbhísí a bhaineann leo.

Is ball é mSemicon de CENTS, an cuibhreannas (consortium) ar éirigh leis i mí na Nollag 2018 airgeadú €3 mhilliún a ghnóthú ó Rialtas na hÉireanna mar chuid den Chiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha. Baineann an tionscadal seo le leas a bhaint as an mblocshlabhra chun margadh éifeachtach tradála a chruthú idir bhaill de phobail éagsúla (soláthraithe agus tomhaltóirí beaga) i réimse an leictreachais.