Teicneolaíochtaí

Rialú Gluaisne

Is éard is ciall le stiúir ghluaisne ná an cumas luas agus treo mhótair leictrigh a athrú ar bhonn rialta agus intuartha. Tá mSemicon tar éis iliomad stíuracha do mhótair a fhorbairt thar na blianta agus é mar sprioc na féidearthachtaí a ceaptar go forleathan a bheith bainteach le tiomántáin tionsclaíocha amháin a chur ar fáil freisin i bhfearais tí, sé sin buntáistí ar nós éifeachtacht chumhachta, ciúnas, instiúrthacht agus a leithéid. Is í aidhm mSemicon ná na féidearthachtaí seo a dhéanamh eacnamúil agus inghlactha i margaí nach dtugann mórán aird ar an ardtheicneolaíocht, de bharr na gcostas a ceaptar a bheith bainteach léi.

Ba mhór ag mSemicon feidhmeanna nua a aimsiú dár dteicneolaíocht ghluaisne.

Luas Inathraithe

Is minic gur leor an cumas le luas mótair a athrú le laghdú suntasach a dhéanamh ar an méid fuinnimh a úsáidtear nuair atá gluaisne i gceist. Ach nuair a baintear leas as ardtheicneolaíocht ghluaisne, is féidir laghduithe níos mó fós a shroicheadh.

Gleo

Is minic ar féidir an gleo a gintear ag mótar leictreach a laghdú trí luas inathraithe a chur i réim. Baineann mSemicon leas as saotharlanna feistithe leis an trealamh is nua-aimsearthaí le tomhas a dhéanamh ar an leibhéal fuaime a ghineann mótair.

Feistíní Stiúrtha

Den chuid is mó, baineann mSemicon leas as na comhpháirteanna is déanaí ar an margadh mar bhunchloch sna ciorcaid againn, leithéidí DSP, FPGA, CPLD agus an ndóigh, micreacontrollóirí.