Eolas Fúinn

Taighde

Taighde

Is minic mSemicon, nó a haonad gnó Telemonitron, a bheith gafa le taighde, go minic i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile faoi scéimeanna ar nós Horizon 2020/Europe. De ghnáth bíonn siad seo bainteach le cúrsaí fuinnimh (inathnuaite, líonraí cliste, éifeachtacht, monatóireacht, &rl) nó le braiteoirí agus gníomhróirí faoi stiúir chórais IoT. Go minic, forbaíonn mSemicon cruaearraí agus bogearraí saincheaptha chun spriocanna na taighde a réalú, pé rud iad sin, mar chuid den obair seo.

Cuireann mSemicon fáilte mar sin roimh fhiosruithe ó chomhlachtaí eile nó institiúidí léinn fud fad na hEorpa ar thograí dá leithéid seo.