Eolas Fúinn

Erasmus+

Tá intéirneacht ar fáil in mSemicon a bheadh oiriúnach do chéimí nua nó do mhacléinn ollscoile sna blianta deireanacha staidéir.

An ról

Tá an post seo á thairiscint mar chuid den tionscadal reatha Horizon 2020, Auto-DAN, ina bhfuil mSemicon rannpháirteach.

An sprioc a bheidh roimh an macléinn ná staidéar féidearthachta ar algartaim mheasínfhoghlama (ML) a reachtáil agus ansin a léiriú conas is féidir feidhmiú mhonatóirí coire gáis agus gléasra tomhas leictreachais a fheabhsú leo.

Forbróidh an macléinn, i dteannta le hinnealtóirí ó mSemicon, an t-algartam. Ansin déanfaidh an macléinn é a thástáil ar eiseamláirí réalaíocha ina dhiaidh sin.

Ag deireadh na traenála, beidh neart scileanna praiticiúla nua gafa ag an macléinn mar aon lena dhóthain ábhair le foilsiúchán nó tráchtas cuí a chur le chéile.

Na scileanna riachtanacha

  • Cúlra in innealtóireacht bhogearraí leabaithe
  • Eolas ar algartaim mheaisínfhoghlama
  • Sásta bogadh go Baile Átha Cliath
  • Taithí i gclárú ar nós Python, C nó Arduino 
  • Béarla gairmiúil idir scríofa agus labhartha
  • Dírithe ar spriocanna
  • Foghlaimeoir fonnmhar agus tapaidh
  • Ball dílis foirne

Taithí luachmhar

  • Eolas ar an ardán ESP32
  • Taithí ar fhobairt algartaim ML do chórais leabaithe
  • Cumas maith scríofa cháipéisíochta teicniúl
  • Taithí le TensorFlow agus líonraí néaracha

Dualgaisí

Beidh an macléinn freagach as staidéar féidearthachta a reachtáil i dtaca le cur i bhfeidhm ML i gcórais leabaithe i réimse an IoT agus ansin na halgartaim is fearr a roghnú do chásanna ar leith.

Déanfaidh an macléinn sonraí a bhailiú agus a chíoradh leis an algartam is fearr ML.



Tréimhse

Mairfidh an traenáil ar a laghad 6 mhí ach d'fhéadfaí cur leis seo dá mba ghá.

Íocfar bunstipinn don phost seo.


Teagmháil

Cuireann mSemicon fáilte roimh fhiosrucháin agus iarratais ar sheoladh ríomhphoist na cuideachta.



Tugtar faoi deara gur faoin macléinn féin é an t-iarratas agus an tacaíocht cuí ó Erasmus+ a eagrú é/í féin.


Is féidir le hiarrthóirí cáilithe cur isteach ar an bpost seo go neamhspleách ar an gclár Erasmus+. D'fhéadfadh cianobair a beith i geist, má oireann sé sin.


Arna fhoilsiú: 14.01.2022