Eolas Fúinn

Príobháideachas agus Cosaint Sonraí

Photo by Clint Adair on Unsplash

Déanann an polasaí príobháideachais seo cur síos ar an gcaoi a gcaitheann mSemicon Teoranta (mSemicon) le haon eolas a thugann tú do mSemicon agus an suíomh seo (www.msemicon.com) in úsáid agat.

Cé na sonraí a bhailímid?

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Ní cheadaíonn fianán rochtain ar bith dúinn ar do ríomhaire nó ar aon eolas fút, seachas an t-eolas a sholáthraíonn tusa dúinn. If féidir leat fianáin a cheadú nó a chosc tríd na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí a chur i bhfeidhm.

Baineann mSemicon leas as fianáin le rogha teanga an úsáideora agus le sonraí a bhaineann le Google Analytics a stóráil. Úsáidimid Google Analytics chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Google Analytics sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh.

Conas a úsáidimid na sonraí seo?

Úsáidimid na sonraí bailithe ag Google Analytics chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna gnó agus forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, mar go n-úsáidimid anaithnidiú IP Google Analytics. Ní úsáidimid na sonraí seo le húsáideoirí aonair a aithint riamh.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí seo?

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid iad go deo. Ligeann seo dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí le himeacht ama a mheas.

Naisc chuig suímh eile

Is féidir le naisc chuig suímh idirlín ábhartha eile a bheith ar an suíomh seo. A luaithe agus a fhagann tú an suíomh seo, ní mór duit a thuiscint nach bhfuil na polasaithe a ghabhann leis an suíomh seo bailí a thuilleadh, áfach. Is ar na suímh nua sin atá an dualgas maidir le slándáil do chuid eolais. Ní mór duit aire a thabhairt mar aon le dul i gcomhairle leis na polasaithe príobhaideachais ar na suíomhanna nua sin.

Teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn.