Earnálacha

Fuinneamh

Tá an-chuid gnéithe bainteach le hearnáil an fhuinnimh agus tá mSemicon gafa le roinnt acu.

Mar chuid dár gcuid oibre le córais téimh, táimid tiomáinte ar úsáid an leictreachais a chur chun cinn, mar is mar sin a éireoidh linn deireadh a chur le dó breoslaí iontaise. Is féidir leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a úsáid in ionad ola téimh, mar shampla, ach an córas a dhearadh sa chaoi is gur féidir leis feidhmiú mar is cuí. Tá níos mó i gceist leis seo, ar ndóigh, seachas an téitheoir féin. Caithfear freisin, chun go n-oibrí sé i gceart, an glaoch ar leictreachas a mhaitseáil leis an soláthar, ar bhonn líonra de. Tá an scéal casta.

Tá méadar leictreachais deartha freisin ag mSemicon mar chuid de chóras téimh leictreach.

Tá an comhlacht tar éis teicneolaíocht OCR a fheidhmíonn ar mhicreaphróiseálaithe bídeacha a fhorbairt d'fhonn an t-eolas ar mhéadair thraidisiúnta a léamh agus a thuiscint. I dteannta le teicneolaíocht IoT, cuireann sé seo le réim líonraí cliste.

I mí na Nollag 2018, d'éirigh le cuibhreannas CENTS, ar cuid de é mSemicon, maoiniú a ghnóthú faoin gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha ag Rialtas na hÉireann i gcomhair togra a bhainfidh leas as an mBlocshlabhra ar mhaithe le trádáil fuinnimh idir ghineadóirí agus tomhaltóirí beaga ar an ngréasán leictreach.

Tá Semicon gafa freisin i gcúpla togra faoi scáth an IERC i réimse an fhuinnimh.

Tá cúlra ag an gcuideachta chomh maith i stiúirghléasra mótar leictreach agus cumhachtleictronaic go ginearálta, mar sin táimid gnóthach freisin i ngnéithe a bhaineann le forbairt agus déantús tháirgí fuinnimh inathnuaite.

Photo by Anna Jiménez Calaf on Unsplash