Céard a dhéanaimid

Iniúchadh

Dearann, forbraíonn agus soláthraíonn mSemicon trealamh saincheaptha innealtóireachta ina mbíonn comhpháirteanna leictreonacha agus meicniúla de ghnáth.

Tá saineolas againn ar theicneolaíochtaí a bhaineann le IoT, rialú gluaisne, feirmtheic, soilsiú, clostrealamh, braiteoireacht, fearas leighis, cumarsáid agus táirgí glasa.

Forbairt

Tugaimid treoir don chliant maidir le sainiú a dhéanamh ar an táirge nua, más gá, agus déanaimid moltaí i dtaca le feabhsúcháin nuair is cuí.

Is gnách ag ár n‑innealtóirí feidhmiú, gan uaim, le foirne ár gcliant ar réimse tionscadal chun idir earraí simplí mar ghiuirléidí a oibríonn ar chadhnraí agus tháirgí casta ardfheidhmíochta bunaithe ar leithéidí FPGA a chur ar fáil.

Déantúsaíocht

Déanaimid an taithí fhairsing atá againn i réimsí na teicneolaíochta agus na déantúsaíochta a chur i bhfeidhm ar tháirgí nua. Is minic nuálaíocht a bheith mar thoradh ar an gcros-phailniú seo.

Sa lá atá inniu ann, ina bhfuil an t‑am chun margaidh chomh gairid sin, is cúis mhór bróid dúinn í go n‑éiríonn linn táirgí a sholáthar go sciobtha agus ar an sprioc.

Earnálacha

  • Baineann an-chuid gnéithe le hearnáil an fhuinnimh. Bíonn mSemicon ag saothrú i roinnt réimsí san earnáil seo.

    Breis eolais
  • Is iomaí táirge atá forbartha ag mSemicon i réimse an aeroiriúnaithe agus an chompoird i gcomhar le cliaint éagsúla.

    Breis eolais
  • Tá mSemicon gníomhach i margadh an tomhaltóra, áit ina mbíonn idir olltáirgiú, bhainistiú costas agus ard-iontaofacht i gceist.

    Breis eolais
  • Aimsítear cúrsaí leictreonaice go forleathan i gcúrsaí talmhaíochta. Bítear á n-úsáid chun monatóireacht agus stiúir a dhéanamh ar ainmhithe mar aon le cúram a dhéanamh dá mbeathú, sláinte agus folláine.

    Breis eolais
  • Tá mSemicon gníomhach in earnáil na leigheastheicneolaíocha. Soláthraíonn mSemicon táirgí leictreonacha agus meicniúla do réimse gléasra.

    Breis eolais
  • Bímid ag plé le cuid mhór Taighde & Forbairt (T&F). Is gá tograí san earnáil seo a fhiosrú agus a mheas go cuí sula gcaitear an iomarca ama agus airgid leis an táirge a fhorbairt.

    Breis eolais

Teicneolaíochtaí

Eolas Fúinn

cruinniú

Thosaigh mSemicon sa bhliain 2001 mar chomhlacht leictreonaice le saineolas ar rialú gluaisne agus, le himeacht na mblianta, thógamar ar an traidisiún sin. Is iomaí teicneolaíocht nua a bhfuil ár bhfoireann ag plé léi ó shin i leith.

Go minic, is é a bhíonn ónár gcliaint ná bord leictreonach saincheaptha, agus sin sin; uaireanta eile is é a bhíonn á lorg acu ná bord leictreonach laistigh de bhosca nó d’fheireadh a fhorbraítear go speisialta don táirge.

Bíonn gá, uaireanta, le bogearraí leabaithe ar leith a fhorbairt do na táirgí chéanna, sa chaoi is gur féidir iad a chur ag obair sa tslí a theastaíonn ón gcliant agus ón margadh.

Cibé ar bith, tá ardchumas ag mSemicon sa réimse seo, agus bíonn fáilte ag an gcomhlacht i gcónaí roimh fhiosrúcháin ó éinne a theastaíonn bord ar leith uaidh. Féach na sonraí teagmhála thíos agus cuir glaoch orainn nó, más mian leat, seol ríomhphost chugainn.