Teicneolaíochtaí

Braiteoirí

Bíonn braiteoirí i ngach aon áit: chun go mbeifí in ann córas a stiúradh ní mór fios a bheith ann cad atá le stiúradh agus cé mhéid. Is ionann braiteoirí agus súile agus cluasa na leictreonaice agus is féidir leo iliomad riocht a ghlacadh. I measc na bparaiméadair le braith is coitianta atá ann áirítear teocht, brú, faid, solas, tadhall, agus gluaiseacht, ach tá neart eile ann. Is braiteoir ceamara, mar aon le micreafón. Uaireanta bíonn gá le tocsaineacht gháis a bhraith, nó laithreacht leachta. Paraiméadair choitianta eile ar ábhar spéise go minic iad ná luas agus luasghéarú.

Bíonn an chuid is mó de na braiteoirí ar fáil mar chomhpháirteanna réamhdhéanta, ach go minic is gá iad a mhúnlú isteach i sainghléasanna, mar shampla chun gluaiseacht ainmhí, nó moirtiúlacht uisce, nó airde ola i dtaiscumar a bhraith. In mSemicon, is minic a chuirtear na dúshláin seo os ár gcomhair. Cuirimid fúinn an giuirléid cuí a fhorbairt ar an mbealach is áisiúla agus is oiriúnaí don chás ar leith a bhíonn faoi chaibidil. Eiseamláir de seo ná braiteoir ghathanna gamma um radaíocht ón spás a bhraith, sa spás féin.

I gcásanna eile, is fearr braiteoir úrnua a chruthú, rud atá déanta ag mSemicon ar uairibh. An chúis a bhíonn leis seo ná nach ann don bhraiteoir ar leith a bhíonn ag teastáil.

Níl teorainn leis na paraiméadar ar gá a bhraith. Is mór ag mSemicon an dúshlán a bhaineann le réiteach a aimsiú i gcásanna mar seo, ansin leis an t-eolas a ghabháil agus a bhainistiú mar is cuí.


Grianghraf le emkanicepic (Michael Kauer) ar Pixabay