Teicneolaíochtaí

Meaisínfhoghlaim

Is é atá i gceist le meaisínfhoghlaim ná an cumas a bheith ag ríomhghléasra leas a bhaint as algartaim agus teicníochtaí uimhriúla chun feabhas leanúnach a chur ar a gcumas tasc ar leith a chur i gcrích. Is teicneolaíocht é atá ag éirí níos forleithne ó lá go lá.

Baineann mSemicon leas as Tensor Flow mar uirlis amháin san obair seo.

Is é sprioc an mheaisínfhoghlama, de ghnáth, ná an cumas a thabhairt don ghléas, ar minic é a bheith bunaithe ar ríomhairín ar nós an Raspberry Pi, rud nó imeacht éigin a aithint. Bíonn obair mSemicon go minic dírithe ar chóras mar seo a chur i bhfeidhm agus ansin é a fheabhsú.