Tionscadail Forbartha

Córais téimh

Tá raidhse táirgí leictreonacha forbartha ag mSemicon d'fhonn teocht agus compord an tí a rialú. Bíonn scáileán beag idirghníomhach daite sa chuid is mó díobh seo. Tá roinnt acu nasctha freisin leis an idirlíon, trí leithéidí wifi (bunaithe ar an ESP32). Bíonn siad nasctha freisin le gléasanna eile sa teach ar chóras LoRa nó RS-485.

Tá roinnt de na painéil bunaithe ar an STM32 agus roinnt eile ar ríomhairíní (Windows nó Linux). Is scáileáin shainfriotaíocha nó toilleasacha a bhíonn in úsáid ina bhformór mór na laethanta seo, a bhuíochas le margadh na nguthán póca.

Cuireann scáileáin go mór leis an solúbthacht deartha, ach cuireann sé freisin leis an saothar forbartha a bhíonn i gceist go háirithe i dtaca le bogearraí.

Is é a bhíonn ar siúl ag na painéil stiúrtha seo ná ualaigh a rialú trí rialaithe meicniúla nó soladstaide a thiontú siar aniar mar aon le cianlascanna thar líonra ar nós an LoRa áitiúil. Bíonn braiteoirí sna painéil chomh maith. Is é a bhíonn sa ghaireas ná mol don chóras iomlán.

Cuireann mSemicon na seirbhísí scamaill a ritheann laistiar de na gléasanna seo ar fáil freisin, mar aon lena chinntiú go ndéantar nascanna iontaofa idir na gléasanna seo agus na freastalaithe cuí. Mar sin, is féidir an córas a rialú le muinín trí fhóin póca agus a leithéid.