Tionscadail Forbartha

Cianbhraiteoirí

IOT

Forbraíonn mSemicon a táirgí féin, mar aon le fearais chumarsáide, comhéadain agus eile do ghiuirléidí IoT. Cruthaíonn siad seo, le chéile, córais a chuireann ar chumas d'úsáideoirí pé rud atá ag tarlú dá sócmhainní féin a fheiscint beagach agus é ag tarlú. Is ionann, mar sin, soláthar sonraí reatha ó mhonatóirí sa timpeallacht agus bunsheirbhís.


Seo thíos rogha i measc na dtáirgí sin:


Monatóir lintéir

Giuirléid a braitheann nuair atá rabharta uisce i lintéar sráide. Seoltar comhartha láithreach tríd an scamall go dtí na húdaráis chuí.

Ceanglaítear an giuirléid le bun na greille a shuíonn ar bharr an lintéir trí bhíthinn stropa, ach is féidir é a úsáid chomh maith i lintéir nach bhfuil greillí orthu trí leas a bhaint as brac. Déantar é a shuiteáil in achar an-ghearr ama.

Dearadh an-daingean, feistithe mar is cuí, mar aon le bheith in oiriúint do na córais ghlantacháin a bhíonn á n-úsáid le lintéir.

Monatóir Baoi Fáinne

Is minic a théann baoithe fáinne ar lár. Is minic freisin nach dtuigeann daoine áirithe an tábhacht atá leo, agus d'fhéadfadh sé tarlú mar sin nach ann dóibh nuair a bhíonn gá leo. Anois tá gléas ann a choinníonn an baoi faoi chianfhaire. Má bhaintear é, braitear é sin agus seoltar teachtaireacht ríomhphoist, nó taispéantar rabhadh ar scáileán, sa chaoi is gur eol do na húdaráis chuí faoin eachtra.



Monatóir Bruscair

Ní gach lá a líontar bosca bruscair, ná baol air. Bíonn laethanta ann nach mbíonn gá len é a fholmhú, ach ní fiú sin a fháil amach ag tú ann cheana féin. Leis an ngléas seo, is féidir le lucht bailithe an bhruscair a fhios a bheith acu roimh ré cé chomh lán agus atá an bosca bruscair gan gá cuairt a thabhairt air ar dtús. Tá sé curtha in oiriúint do bhoscaí bruscair phoiblí.




Monatóir Scoilteanna

Tá monatóir leictreonach á fhorabirt a dhéanann tuairisciú rialta ar an méadú, más ann dó, atá ag tarlú d'aon scoilt lena bhfuil sé fáiscthe. Tá fad saoil cúig bliana ar a laghad sa chadhnra ann chomh maith, mar sin ní bhíonn gá cuairt a thabhairt ar an láthair ach go han-annamh. Oireann sé ach go háirithe do láithreacha atá deacair le teacht orthu agus atá i bhfad i gcéin.