Teicneolaíochtaí

Cumarsáid gan sreang

Túr cumarsáide guthán póca

Minicíocht raidió

Tá teicneolaíocht 'minicíocht raidió' le sonrú ina lán táirgí de chuid mSemicon. GSM, Bluetooth, Sigfox, NB-IoT, LoRa, ISM, wifi, mogalraí, nó fiú córas éigin dúnta atá i gceist le 'minicíocht raidió'. Ní thaobhaíonn mSemicon le haon teicneolaícht ar leith; roghnaímid an teicneolaíocht is fearr a oireann.

GSM / GPS

Is é an líonra GSM an líonra ar a mbraitheann gutháin póca. Tá sé iontach forleathan, an ceann is mó a bhfuil fáil air áit ar bith. Má tá an riachtanas ann rochtain a bheith ar ghiuirléid soghluaiste 'gach áit', nó má tá fiú cumarsáid throm sonraí ar ghiuirléid atá suite i láthair bhuan ina bhfuil fáil ar chomhartha láidir go leor, chuile sheans gurb é GSM an réiteach. Labhair linne faoi!

Bluetooth

Is do gharchumarsáid an teicneolaíocht Bluetooth. Tá aithne ag formhór an phobail air um an dtaca seo. Cuireann sé ar chumas gléas amháin gléas eile a stiúrú, mar shampla. Braitheann sé ar an bhfeidhm atá le cur i gcrích, ach seans maith gur féidir cás eacnamaíoch a dhéanamh d'fhonn Bluetooth a chur sa táirge agatsa trí leas a bhaint as modúil réamh-fhaofa Bluetooth, rud a éascaíonn go mór na táirgí sin a chur ar an margadh.

ISM

Is é atá sa bhanda ISM ná an chuid den speictream raidió atá leagtha ar leataobh do tháirgí tionsclaíocha, eolaíochta agus leighis, agus is ann a aimsítear mórchuid saintáirgí speisialaithe. Is ann a bhíonn táirgí nach mbíonn chomh casta sin freisin, mar shampla gléas láimhe chun geata leictreach a oscailt. Ní gá cloí le protacail (nó 'teangacha') oifigiúla, mar sin is féidir an chumarsáid a chur in oiriúint don fheidhm ar leith atá faoi chaibidil.

ZigBee

Más mogalra atá ag teastáil, nó fiú cumarsáid láithrín-go-láithrín (faoi 100m), seans gur ZigBee an réiteach. Is éard is brí le mogalra, seachas líonra sa chiall ghinearálta, ná líonra leis an iliomad ball ar féidir leo go léir teachtaireacht a iompar ó aon cheann ina measc go dtí an scamall - trí slabhra díobh féin a úsáid chun a scéala a iompar seachas trí cianscairt amháin a thriail. Is líonra ar bheagán cumhachta é a bhaintear leas as i gcás méadair uisce baile agus nuair gur gá don chostas a bheith níos ísle ná costas an chórais Bluetooth.

6LoWPAN

Tá mogalraí eile ann freisin, ar nós 6LoWPAN, atá úrnua agus iontach cumhachtach. Tá mSemicon ag obair leis seo i láthair na huaire.

LoRa

Uaireanta, nuair nach bhfuil soláthar cumhachta ar fáil, mar shampla i gcás giuirléid, rud nó fiú ainmhí atá i mbun gluaisteachta leanúnaigh agus freisin nuair nach bhfuil sé sodhéanta cadhnra a mhalairt ach go rí-annamh, bíonn gá le réiteach eile. Rogha choitianta is ea LORA ón gcuideachta Semtech, teicneolaíocht ísealchumhachta cumarsáide. Tá sé seo oiriúnach nuair atá líon beag eolais le seoladh, agus tá raon roinnt km aige. Freisin, is féidir triantánú a dhéanamh leis sa chaoi is gur féidir a ríomh cá has don chomhartha (gan dul i dtuilleamaí GPS). Is réiteach eacnamaíoch é.


Grianghraf le Coyotechnical (Max) ar Pixabay