Tionscadail Forbartha

Feidhmiúcháin soilsithe

Teicneolaíocht LED

Tá réimse na LED, go háirithe maidir le soilsiú, iontach gníomhach, agus tá mSemicon i lár an aonaigh. Tá éifeachtacht agus gile na LED ag ardú i gcónaí, rud a chuireann le deiseanna agus féidearthachtaí san earnáil seo.

Solas seachtrach slándála

Bíonn soilsí hailigíne seachtracha, dála na bolgóide R7s, iontach diomaltach ó thaobh cumhachta de. Ní féidir fiú an teas a ghintear a úsáid chun teach a théamh toisc iad a bheith taobh amuigh, san aer. Tá na soilse seo foirfe, mar sin, lena gcur in oiriúint do theicneolaíocht na LED.

Is é atá sa phictiúr thuas ná leagan LED den bholgóid sheachtrach R7s, agus é forbartha ag mSemicon. Ní ídítear ach 8W ann, ach is ionann treise an tsolais agus an astaíocht chéanna ó sholas hailigíne tungstain líneach 100W.

Cuirtear i gcás anseo an chaoi a sholáthraítear cumhacht chuig na LEDanna. In ionad tiomántán caighdeánach a úsáid, gaireas a bhfuil saolré cinnte aige, baintear leas as an ngaothrán atá laistigh den bholgóid mar chuid lárnach den chiorcad tiomána. An toradh air seo ná saolré dáiríre fada.

Soilsiú sráide LED

Tá roinnt táirgí bainteach le soilsiú sráide forbartha ag mSemicon, agus iad arís bunaithe ar LEDanna.

DALI agus prótócail eile

Baintear leas as prótócail éagsúla cumarsáide in earnálacha difriúla. I gcás an tsoilsithe, is é an caighdeán DALI is coitianta. Tá roinnt táirgí éagsúla forbartha ag mSemicon bunaithe air seo, agus iad in úsáid go forleathan anois.