Teicneolaíochtaí

Innealtóireacht mheicniúil

Cé gur comhlacht leictreonaice é mSemicon ó thús aimsire, bhíomar agus bímid gafa i gcónaí chomh maith le hinnealtóireacht mheicniúil. Tá sé seo dosheachanta, ar ndóigh, mar is leis an bhfíorshaol a bhíonn an leictreonaic ag feidhmiú, fiú mua mbíonn i gceist ach bosca a chur thart air. Tá neart dul chun cinn déanta ag an gcomhlacht i réimse na hinnealtóireachta meicniúla agus os a chionn sin is minic muid freisin ag comhoibriú le páirtnéirí seachtracha chun barr feabhais a chur ar chúrsaí. Bímid sa tóir ar an réiteach is fearr i gcónaí.

Tríd is tríd, ní fhorbraíonn an chuideachta táirgí meicniúla ach amháin i gcomhthéacs na leictreonaice, áfach.

Dearadh

Den chuid is mó leantar an múnla céanna agus a leantar leis an leictreonaic nuair atáthar ag dearadh táirge nua meicniúil. Forbraítear coincheap agus déantar indéantacht agus bailíocht a dhearbhú. Ansin tosaítear ar an bpróiseas deartha i ndáiríre.

Téitear siar agus aniar ar feadh tamaill ar an ndearadh go dtí go bhfuitear sásta go bhfuil sé réidh lena réaladh mar fhréamhshamhal.

Fréamhshamhaltú

Printéirí 3T

Tá rogha printéirí trí-thoiseacha (3T, nó 3D an Bhéarla) ag mSemicon, rud a chiallaíonn go mbíonn sé measartha éasca coincheapa meicniúla a thrialadh sula dtéitear rófhada chun cinn le forbairt an tionscadail. Is féidir smaoineamh a chíoradh nó a chaitheamh ar leataobh in imeacht roinnt laethanta nó roinnt uaireanta an chloig fiú.

Nuair a ghlactar le coincheap is féidir dul ar aghaidh ansin go dtí céim an deartha.

Múnlaí sealadacha

Nuair atáthar sásta leis an bhfréamhshamhal 3T, sé sin nuair atáthar cuíosach cinnte den dearadh ach gan a bheith réidh chun infheistíocht mhór a chur ar leataobh do mhúnla buan, is minic ansin gur fiú tabhairt faoi mhúnla sealadach. Cé nach mbíonn an toradh díreach ar aon dul leis an toradh ceart is minic é a bheith maith go leor chun tástáil níos leithne a dhéanamh ar an táirge. Ar an gcaoi sin bíonn an deis ann feabhsuithe a chur i bhfeidhm sula ndéanta an múnla buan a ordú. Baineann mSemicon leas as múnlaí sealadacha go minic.

Uirlisiú

Nuair a bhíonn sé i gceist táirge meicniúil ar ardéileamh a thógáil ní mór múnla buan a chruthú, nó "uirlisiú" a dhéanamh. Is féidir le mSemicon na socruithe cuí a dhéanamh mar aon leis toradh a chur á dhéanamh.

Meaisíniú

Ní oireann gach táirge meicniúil d'uirlisiú, go háirithe táirgí ar ísealéileamh, agus go hiondúil déantar meaisíniú orthu seo, sé sin gearrtar as bloc iad. Tá sé seo i bhfad níos costasaí in aghaidh an phíosa, ach ní bhíonn costas an mhúnla i gceist. Agus os rud é nach gá fanacht ar dhéantús an mhúnla ní thógann sé i bhfad na píosaí a chur ar fáil.



Pé ní atá le déanamh, is féidir le mSemicon na céimeanna cuí a chur i gcrích chun riachtanais an chliaint a thiontú ina shaothar galánta innealtóireachta.



Grianghraf le Anyusha (Anja Heidsiek) as Pixabay