Teicneolaíochtaí

Idirlíon na nEarraí (IoT)

Baineann teicneolaíocht IoT le gach réimse i ndáiríre. Cé go bhféadfaí gléas IoT a ghlaoch ar aon ghléas atá ceangailte le scamall an idirlín is ar ghléasanna le feidhm ar leith a úsáidtear an téarma go hiondúil, mar shampla braiteoirí teochta i gcéin.

Tá raidhse giuirléidí IoT forbartha ar mSemicon, ó bhrathadóirí rabharta lintéir a oibríonn ar chumhacht sár-íseal agus fad saoil seacht mbliana acu (féach pictiúr) go geataí idirlín a iompraíonn lasta substaintiúil sonraí go leanúnach. In imeacht na mblian tá an chuideachta tar éis leas a bhaint as réimse leathan teicneolaíochtaí cumarsáide raidió, ina measc Sigfox, NB-IoT, LoRa, GSM, wifi, Bluetooth, ZigBee, 6LoWPAN, gan trácht ar na teicneolaíochtaí caighdeánacha sreinge.

Bíonn gach cás éagsúil: uaireanta bíonn ualach trom sonraí le hiompar; uaireanta eile ní bhíonn i gceist ach líon beag beart in aghaidh an lae. I gcásanna áirithe bíonn soláthar fial cumhachta ar fáil ach uaireanta eile caithfear a bheith i dtuilleamaí cadhnra beag suarach. Baintear leas ar roinnt giuirléidí laistigh i bhfoirgintí, iad deas tirim faoin díon, roinnt eile amuigh sa doineann. Amantaí bíonn eolas i dtaca leis an láthair ag teastáil (.i. GPS nó triantánú), cé nach mar seo de ghnáth. Scrúdaíonn mSemicon gach uile cás ann féin, roghnaíonn an teicneolaíocht chuí cumarsáide agus luíonn ansin isteach ar an táirge a fhorbairt.