Earnálacha

Téamh & Aerú

Is iomaí táirge atá forbartha ag mSemicon i réimse na haeroiriúnaithe agus compoird. I measc na dtáirgí is simplí atá curtha ar fáil againn ná teirmeastat digiteach, agus i measc na gcinn is sofaisticiúla áirítear córas casta a stiúraíonn an teocht in iliomad seomraí éagsúla agus a oibríonn i dteannta le haip agus seirbhís scamaill, seirbhís a chuireann mSemicon ar fáil chomh maith.

Tá méadar tomhasta fuinnimh forbartha ag an gcuideachta freisin, mar aon le cianlascanna agus néalchórais tacaíochta do ghléasra atá nasctha tríd an idirlíon.

Tá mSemicon gafa freisin sa ghluaiseacht atá ag dul i dtreise i gcónaí chun córais téimh a mhealladh i dtreo chórais leictreacha. An buntáiste leis seo ná gur féidir cumhacht inathnuaite, in ionad foinsí carbóin, a úsáid chun críocha téite, rud a théann chun sochar an domhain uilig.