Earnálacha

Taighde & Forbairt

Grianghraf le Chris Ried ar Unsplash

Tá mSemicon an-ghníomhach le Taighde & Forbairt (T&F). Is minic go mbaineann tograí san earnáil seo le féidearthacht smaoineamh atá laistiar de a tháirge nua a fhiosrú sula gcaitear an iomarca ama agus airgid á fhorbairt.

Bíonn mSemicon páirteach go rialta i dtionscadail T&F le hinstitiúidí tríú leibhéil in Éirinn, áit ar minic gurb é an ról ag an gcuideachta ná gléasra speisialaithe a fhorbairt chun tomhais chasta a dhéanamh. Is le maoiniú ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA), mar aon le foinsí eile, a ceadaíodh na tograí seo, agus is in earnálacha an spáis, na feirmtheice agus na clostheice a áirítear iad.

Tá mSemicon gníomhach faoi láthair i réimse na mórleabhar dáilte ('distributed ledger', ar cuid de an blocshlabhra a cloistear trácht air go minic na laethanta seo) mar aon le meaisínfhoghlaim.

Horizon 2020

Is é atá i Horizon 2020 ("H2020") ná an uirlis mhaoinithe atá ag an Aontas Eorpach chun taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn.

Tá mSemicon gafa le togra amháin H2020, Auto-DAN, "Deploying Augmented intelligence solutions in EU buildings using Data analytics, an interoperable hardware/software Architecture and a Novel self-energy assessment methodology". Tá rannpháirtithe ó cheithre thíortha éagsúla ag obair as lámha a chéile sa tionscadal seo agus é mar sprioc acu bealaí níos éifeachtúla ó thaobh úsáid fuinnimh de a aimsiú do fhoirgintí an Aontais. Is é atá á dhéanamh ag mSemicon sa togra seo ná gléasra nua leictreonach nua a fhorbairt mar aon le bainistiú ar na trialacha atá ag tarlú i gceann de na suíomhanna tástála.

Is mór ag mSemicon tionscadail H2020, mar sin chuirfeadh an comhlacht fáilte roimh aon fhiosruithe ó pháirtithe ar spéis leo comhoibriú faoina scáth.

DTIF

Tá ciste ar leith ag Rialtas na hÉireann le nuálaíocht theicniúil a chur chun cinn, an Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (nó an Disruptive Technologies Innovation Fund (DTIF) mas is fearr aithne air).

I mí na Nollag 2018, bhain an cuibhreannas CENTS, ar cuid de é mSemicon, maoiniú faoin gciste seo i gcomhair togra a bhainfidh leas as an mblocshlabhra ar mhaithe le trádáil fuinnimh idir ghineadóirí agus tomhaltóirí beaga ar an ngréasán leictreach. Tá an-chuid T&F i gceist leis an togra seo, agus beidh faid trí bliana leis san iomlán.

Ag deireadh 2021, thosaigh togra nua, darbh ainm Trident, arís in earnáil an fhuinnimh, dírithe ar úsáid chadhnraí móra chun "solúbthacht" a chur ar fáil don ghréasán leictreachais. Is é is brí leis sin ná an cumas chun stóráil a dhéanamh, faoi stiúir bhainisteorí an líonra leictreachais seachas gníomhairí áitiúla, chun farasbarr gineadóireacht leictreachais a chur i dtaisce ar fud an líonra - lena úsáid nuair a bhíonn gá leis - ar mhaithe le céadatán iomlán an leictreachais inathnuaite a mhéadú ar an meán.

SBIR

Tá mSemicon tar éis páirt a ghlacadh i roinnt tograí faoin múnla SBIR, faoi choimirce Fiontraíocht Éireann. Chuir an scéim seo maoiniú ar fáil le giuirléidí nua a fhorbairt, go háirithe an monatóir lintéir, gléas atá dírithe ar thuillte áitiúla a sheachaint.


Grianghraf le Chris Ried ar Unsplash