Earnálacha

Leigheas

Tá mSemicon gníomhach in earnáil na leigheastheicneolaíocha. Soláthraíonn mSemicon táirgí leictreonacha agus meicniúla do réimse gléasra.

D'fhorbair an chuideachta closmhéadar digiteach mar aon le neart gléasanna a choinníonn an brú aeir faoi stiúir i leapacha ospidéil. Tá cumas wifi i roinnt acu seo, mar aon le cumas GPS, rud a chiallaíonn go mbíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar fáil maidir leis na gléasanna seo, fiú i dtaca leis an láthair ina bhfuil siad.

Tá ról iontach tábhachtach ag braiteoirí i bhfeidhmiú na ngléasanna seo, is cuma fuaim, brú, gluaiseacht nó eile a bheith i gceist. Ní hamháin go bhfuil táirgí leighis mSemicon breac le braiteoirí, ach tá mSemicon ag forbairt braiteoirí úrnua dóibh, cinn a bheidh ar fáil sa mhargadh amach anseo.

Tá an chaoi ina dtaispeántar eolas ar ghléas leighis tábhachtach freisin. Tá úsáid forleathan á bhaint ag mSemicon le blianta beaga anuas in aonaid taispeána daite, agus iad feistithe le cumas tadhaill (touchscreen displays). Cuireann siad seo ar ár gcumas idirghníomhaíocht shoiléir a chruthú idir an úsáideoir agus an gléas a bhíonn i gceist.