Forléargas

Innealtóireacht mheicniúil

Le roinnt blianta anuas, agus mar thoradh ar achainí ónár gcliaint, tá mSemicon tar éis tosú ar thograí innealtóireachta meicniúil.

Dearann, fréamhshamhlaíonn agus soláthraíonn mSemicon táirgí nua meicniúla, de ghnáth mar chomhlánú ar tháirge leictreonach, sé sin go minic bíonn bord leictreonach laistigh, i bhfoisceacht nó ar bhealach éigin eile nasctha leis an bpíosa nua meicniúil. Uaireanta eile, faoi mar a léirítear anseo, bíonn feidhm ann féin ag an bpíosa.

Cuireann sé seo ar chumas mSemicon a chinntiú go ndéantar tograí in achar ama i bhfad níos gasta, gan trácht ar srian a chur ar na míthuiscintí a bhíonn ann nuair a scaiptear freagracht ar thograí móra anseo is ansiúd.

Má tá táirge agatsa agus gá agat le forbairt éigin mheicniúil ann, tar chugainn.


Grianghraf le JoeMustang ar Pixabay