Forléargas

Forbairt táirgí

Tá mSemicon iontach gafa le forbairt iomlán tairgí. Ní hamháin gur saineolaithe muid san innealtóireacht leictreonach agus mheicniúil, ach is maith linn go mór na píosaí sin a chur le chéile, mar aon le roinnt bogearraí más gá, chun táirgí iomlána iontu féin a chruthú.

B’fhéidir gur comhpháirteanna iad na táirgí seo de rud éigin eile, nó go n-úsáidtear leo féin iad. Seo sampla de bholgóid solais bunaithe ar theicneolaíocht LED.

Is féidir le mSemicon obair leatsa chun an coincheap atá agat a fhorbairt. Cuirfimidne na ceisteanna cuí, agus déanfaimid cinnte go bhfreagraítear iad. Is féidir linn costais ghinearálta a ríomh, faomhadh an táirge a threorú mar aon le féidearthacht an togra a mheá sa chéad áit.

Soláthraí

Déanann mSemicon cúram den chóimeáil, mar sin déanaimid cinnte de gur táirgí sodhéanta iad, ní fréamhshamhail. Is soláthraí muid, mar sin déanaimid cinnte de go bhfuil an dearadh ceart.

Cúnamh Stáit

Agus má tá do chuideachta i dteideal cúnamh Stáit, ó leithéidí Fiontraíocht Éireann bheimisne lánsásta cuidiú leat lena chinntiú go mbaintear an tairbhe is fearr as an gcúnamh áirithe sin.

Glaoigh orainn, nó seol ríomhphost chun an cheist a phlé gan dualgas ar bith ar do thaobhsa.


Grianghraf le Ricinator (Ricarda Mölck) ar Pixabay