Forléargas

Bogearraí leabaithe

Dochtearraí

Bíonn micrearialtóirí (cineál micreaphróiseálaí) sa chuid is mó de tháirgí mSemicon, agus bíonn gá le bogearraí ar leith chun iadsan a chur ag feidhmiú. Glaoitear dochtearra ar an gcineál seo bogearra.

Forbraíonn mSemicon an dochtearra do pé micrearialtóir a roghnaítear agus déanaimid an obair seo in achar an-ghairid ama de ghnáth.

Comhéadain Ghrafacha Úsáideora (GUI)

Tá mSemicon tar éis méid áirithe GUI (Graphical User Interface) a fhorbairt mar chuid de chóras ina bhfuil táirge fisiciúil forbartha ag an gcuideachta freisin.

Go minic baintear leas astu seo mar bhealach chun na meancóga a bhíonn i gcóras a aithint agus a cheartú, toisc gur féidir pé rud atá ag tarlú taobh isteach den chóras a fheiceáil go héasca ar scáileán.

Aipeanna do Ghutháin

Le deireanaí, tá an chuideachta gafa le roinnt aipeanna a fhorbairt mar chuid de chóras ina bhfuil táirge inláimhsithe forbartha freisin.

Is féidir le mSemicon a leithéid de app a shainiú agus a fhorbairt dá réir.

Ríomhtheangacha

Baineann an chuideachta leas as leaganacha den dteanga C do an-chuid den ríomhchlárú do mhicrearialtóirí. Tá taithí againn freisin ar C++, Java, Python, HTTP i gcomhthéacs Apache, CoAP (M2M), Linux agus Windows, nuair is cuí. Ar ndóigh, forbraímid bogearraí ar an leibhéal is ísle freisin thart ar na caighdeáin RESTful, 802.15.4 (IEEE), Lora agus a leithéid.


Grianghraf le Markus Spiske ar Unsplash