Teicneolaíochtaí

Ríomhairíní

Ríomhairín: An Raspberry Pi

Le blianta beaga anuas tá ríomhairí bídeacha ar chostas íseal tar éis teacht ar an margadh, rud a chiallaíonn go minic gur fusa réiteach teicniúil a aimsiú ar dhúshláin áirithe. Glaoitear SBCanna orthu, nó 'Single Board Computers'. San am atá caite, nuair a bhíodh stiúir leictreonach le forbairt do ghléasra nua, ba mhinic gur ghá tionscadal costasach agus casta a reachtáil fána choinne. Ach anois, agus SBCanna saora ar fáil, sé sin giuirléidí ar a ritheann córais oibriúcháin shimplí, is féidir fadhbanna áirithe a réiteach éasca go leor. Is minic a bhíonn ciall leis an gcur chuige seo do tháirgí le cainníochtaí ísle.

Ar cheann de na ríomhairíní is cáiliúla dá leithéid áirítear an Raspberry Pi. Tá mSemicon tar éis roinnt táirgí a fhorbairt cheana féin bunaithe ar an ardán seo, agus ní amháin sin, tá an chuideachta tar éis ciorcaid stampáilte (PCBanna) comhlántacha a fhorbairt chomh maith, cinn a chuireann le haimsiú na SBCanna céanna.

Ní bhíonn leisce ar bith ar mSemicon réiteach bunaithe ar SBC a mholadh nuair a bhíonn ciall lena leithéid.

Grianghraf le Kritsada Jaiyen ar Pixabay